Baile » Irish Top Navigation » Inrochtaineacht

Inrochtaineacht

Teicneolaíocht Chúnta

Tá i Leabharlanna Contae Dhún na nGall bailiúcháin de leabhair mhórchló, leabhair labhartha (leabhair ar théip), agus ríomh-chlosleabhair.

Tá lúba ionduchtúcháin (seasta nó iniompartha) ar fáil, chomh maith, do dhaoine a bhfuil moill éistigh orthu inár leabharlanna.

Cuirtear Saoráidí Teicneolaíochta Cúnta agus Riachtanas Speisialta ar fáil ag an Leabharlann Láir ag Leitir Ceanainn, agus ag leabharlanna Bhaile na nGallóglach, Leabharlann Phobail na Rosann, Bhun Cranncha agus Bhun Dobhráin. Is féidir leat úsáid a bhaint, chomh maith, as teicneolaíocht deachtaithe gutha agus léitheora leathanach baile, féach thíos chun teacht ar bhreis sonraí.

Bogearraí tacaíochta Kurzweil 3000

Tá seo thar a bheith áisiúil i gcás disléicse/litearthachta. Tá sé deartha chun cabhrú leo siúd a bhfuil deacrachtaí léitheoireachta agus foghlama acu agus cuireann sé ionadaíocht fuaime agus amhairc araon ar fáil don úsáideoir ar fhocail agus íomhánna scanta ar an scáileán.      

Scanadh agus léitheoireacht Kurzweill 1000 do dhaoine a bhfuil lagú amhairc orthu  

Arduirlis léitheoireachta í seo do ríomhairí pearsanta a thiontaíonn an focal scríofa ina urlabhra. Is éasca í a úsáid agus tá sí solúbtha. Gné thábhachtach is ea barrfheabhsú téacs dóibh siúd a bhfuil amharc íseal acu.

Tá scanóir atá comhoiriúnach do Kurzweil ar fáil lena úsáid leis na bogearraí thuas agus tá cluasáin ar fáil, chomh maith, d’úsáideoirí.

Jaws Professional le haghaidh Windows

Bogearraí léitheoireachta scáileáin agus a chuireann formhéadú draíochtach ar fáil is ea JAWS a úsáideann sintéiseoir ionsuite gutha agus cárta fuaime an ríomhaire chun faisnéis a labhairt ón méid a bhíonn le feiceáil ar an scáileán.

Má theastaíonn cabhair nó faisnéis bhreise uait ar sheirbhísí, beidh ár bhfoireann leabharlainne i do bhrainse áitiúil sásta cabhrú leat.