Baile » Main Navigation » Naisc Thapa » Ceart chun Léitheoireachta

Ceart chun Léitheoireachta - Dún na nGall

Tugann an clár náisiúnta Ceart chun Léitheoireachta údaráis áitiúla agus comhlachtaí áitiúla le chéile a bhfuil baint acu i dtacú le forbairt litearthacht agus léitheoireachta sa cheantar áitiúil do chur chuige comhordaithe i leith na seirbhísí seo a sholáthar sa phobal áitiúil. Tacaíonn Ceart chun Léitheoireachta le forbairt litearthachta do dhaoine aonair, teaghlaigh agus leanaí mar chuid de chur chuige inbhuanaithe agus caighdeánach a dhéantar a chomhordú go háitiúil ar fud na tíre.

 Déanann Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall le heagraíochtaí comhpháirtíochta, Plean Gníomhaíochta bliantúil áitiúil Ceart chun Léitheoireachta a chur le chéile agus a chomhordú agus oibríonn sí leis na comhpháirtithe siúd i dtreo an plean gníomhaíochta a chur i bhfeidhm. Áiríodh leis na buaicphointí gach bliain seisiúin Spring into Storytime i rith mhí Aibreáin, clár léitheoireachta Réaltaí an tSamhraidh i rith mhí Iúil agus Lúnasa, agus Féile Ealaíona agus Leabhair Leanaí Wainfest a mbíonn súil mhór léi i rith mhí Dheireadh Fómhair. I measc na dtionscadal breise le comhpháirtithe líonra, tá Read DL, an leaPublish Nowbhar rann do leanaí agus amháin ghníomhaíochta Babbling BabiesBookworm Babies agus Creating Lifelong Readers, anuas ar chláir le scoileanna áitiúla, ar nós Cath na Leabhar/Battle of the Books. Baineann ríthábhacht le comhpháirtíochtaí i dtaobh gach gné a chur i bhfeidhm de chlár Dhún na nGall, Ceart chun Léitheoireachta. Tá de chuspóir na gclár agus na dtionscadal go léir a chuimsítear sa Phlean Gníomhaíochta nósanna léitheoireachta a spreagadh agus chun grá don léitheoireacht a chothú.

Chun teacht ar fhaisnéis ar an gclár náisiúnta Ceart chun Léitheoireachta, féach Ceart chun Léitheoireachta

 

Liostaí léitheoireachta atá molta

Recommended Reads 0 - 2 years

Recommended Reads 2 - 4 years

Recommended Reads 4 - 7 years

Recommended Reads 7 - 9 years

Recommended Reads 10 - 12 years