Baile » Photo Slider » Digital Hub Gaeilge

 

Ar theastaigh uait i gcónaí a fháil amach conas ríomhaire glúine nó táibléad a úsáid? B’fhéidir go bhfuil cabhair uait le haipeanna scoile nó le d’fhón póca? Nó an bhfuil cabhair uait chun foirmeacha ar líne a líonadh? Bhuel, is í do leabharlann áitiúil an áit le dul chun fáil amach conas.

Tá an tSeirbhís Leabharlainne i gcomhpháirtíocht le Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna an BOO chun Moil Dhigiteacha a sholáthar i leabharlanna. Is seirbhís saor in aisce é an Mol Digiteach inar féidir leat tacaíocht a fháil do do riachtanais dhigiteacha go léir. Beidh na Moil Dhigiteacha ar fáil sna leabharlanna seo a leanas ó na dátaí thíos agus beidh siad ar siúl ar feadh sé seachtaine:

Dé Máirt sa Lárleabharlann, Leitir Ceanainn ó 2.00pm - 5.00pm ón 7 Samhain.

Déardaoin i Leabharlann Bhaile Dhún na nGall ó 2.00pm – 4.00pm ón 9 Samhain.

Déardaoin i Leabharlann Carn Domhnach ó 2.00pm – 4.00pm ón 9 Samhain.

Ní gá áirithint a dhéanamh, ach buail isteach in aon cheann de na leabharlanna atá liostaithe thuas le linn na n-amanna sonraithe. Ná bíodh drogall ort do ghléas a thabhairt leat nó is féidir leat an gléas a sholáthraíonn an teagascóir a úsáid.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ag do leabharlann áitiúil.