Baile » Photo Slider » Pacáiste Fuinnimh Baile

Dea-scéala agus an tSeirbhís Leabharlainne ag infheistiú i níos mó Pacáistí Fuinnimh Baile

Mar gheall ar an imoibriú dearfach le na Pacáistí Fuinnimh Tí, atá ar fáil ar iasacht ó do leabharlann áitiúil, tá roinnt pacáistí eile ceannaithe ag an tSeirbhís Leabharlainne.  Laghdaíodh an tréimhse iasachta go 7 lá fosta, rud a chiallaíonn nach mbeidh ar dhaoine fanacht chomh fada leis an pacáiste a fháil ar iasacht. Iarraimid ar iasachtaithe filleadh le do thoil laistigh de na 7 lá ionas go mbeidh an pacáiste ar fáil don oiread daoine agus is féidir.

Cabhróidh an Pacáiste Coigilte Fuinnimh Baile leat d’ídiú fuinnimh a thuigbheal agus na réimsí is tábhachtaí de do theach a d’fhéadfadh aird a thabhairt orthu a aithint chomh maith le bealaí chun éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú. Tá cúig uirlis phraiticiúla san phacáiste; monatóir fuinnimh ar féidir a phlugáil isteach, brathadóir sceite teirmeach, eochair radaitheora, méadar teochta agus bogthaise, agus teirmiméadar cuisneora/reoiteora.

Déan teagmháil le do leabharlann áitiúil le fiosrúchan a dhéanamh an bhfuil sé ar fáil, na huaireanta oscailte agus na háiteanna a bhfuil sé ar fáil ag www.donegallibrary.ie Mura bhfuil tú mar bhall den leabharlann, ní fadhb í sin. Tá ballraíocht leabharlainne saor in aisce, agus is féidir leat nascadh go héasca ag an bhrainse is cóngaraí leat nó ar líne ar https://www.librariesireland.ie/join-your-library