Home » Photo Slider » New - Library App

 

Borrow Books from Libraries using your phone!

Donegal Library Service is delighted to launch their new Library app. The app is free and can be found on both iTunes and Google Play by searching for Donegal Library Service. The App is user friendly and allows you to enjoy content quickly and easily, locate the opening hours for your nearest Library and check the Whats On calendar for events.

In addition you can use the self check in and self check out feature in Central Library Letterkenny, Buncrana Library, Twin Towns Library, Bundoran Library and Leabharlann Phobail Ghaoth Dobhair. The book will automatically be issued to your library account. You can also scan the barcode of any book in a bookshop and place a request in your local Library if it is available.

The app screen can prioritise the services that are most important to you, including access to the most up to date information on Facebook, Twitter and YouTube. Additional features include adding linked accounts to share Library information with family, friends or community members.

For easy management you can keep track of the whole families library cards and loans in one place on your chosen device. You can also change the language and access existing apps for eBooks via BorrowBox, eNewspapers via Press Reader or eMagazines via Libby.

It’s free, simple to use and a useful feature for book lovers of all ages. This app was funded by the Department of Rural and Community Development as part of The Healthy Ireland at your Library programme. Healthy Ireland at your Library is delivered through a national framework managed by Libraries Development, Local Government Management Agency (LGMA) and local authorities and supported by the Department of Rural and Community Development (DRCD) and the Department of Health. The framework implements and maintains standardised services and supportive environments to individuals and communities to improve the health and wellbeing of people in Ireland at all life stages.

If anyone requires assistance with the app please contact your local library where staff will be happy to help. Library opening times are available here.  


Faigh Leabhair ar Iasacht ó Leabharlanna le do Ghuthán!

Tá ríméad ar Sheirbhís Leabharlainne Dhún na nGall an aip leabharlainne nua a sheoladh. Tá an aip saor in aisce agus is féidir í a fháil ar iTunes agus Google Play araon trí chuardach a dhéanamh ar Donegal Library Service. Tá an aip so-úsáidte agus cuireann sí ar do chumas sult a bhaint as ábhar go gasta agus go furasta, uaireanta oscailte na leabharlainne is áitiúla a aimsiú agus seiceáil a dhéanamh le haghaidh imeachtaí san fhéilire What’s On.

Chomh maith leis sin, is féidir leat an ghné ‘féinseiceáil isteach’ agus ‘féinseiceáil amach’ a úsáid sa Lárleabharlann i Leitir Ceanainn, i Leabharlann Phobail Bhun Cranncha, i Leabharlann Phobail na mBailte Nasctha, i Leabharlann Phobail Bhun Dobhráin agus i Leabharlann Phobail Ghaoth Dobhair.  Cuirfear an leabhar go huathoibríoch le do chuntas leabharlainne. Is féidir barrachód a scanadh ar leabhar ar bith i siopa leabhar agus iarratas a dhéanamh air i do leabharlann áitiúil má tá sé ar fáil.

Ar scáileán na haipe is féidir tosaíocht a thabhairt do na seirbhísí is tábhachtaí duitse, rochtain ar an eolas is déanaí ar Facebook, Twitter agus YouTube san áireamh. I measc na ngnéithe breise is féidir cuntais a nascadh le chéile chun eolas leabharlainne a chomhroinnt le do theaghlach, le cairde nó le baill an phobail.

Ar mhaithe le bainistíocht éasca is féidir cártaí agus iasachtaí leabharlainne an teaghlaigh go léir a choinneáil in áit amháin ar ghléas atá roghnaithe agat. Thig leat an teanga a athrú agus rochtain a fháil ar aipeanna eile do ríomhleabhair trí BorrowBox, do ríomhnuachtáin trí Press Reader nó do ríomhirisí trí Libby.

Tá sí saor, so-úsáidte agus áisiúil do dhuine ar bith a bhfuil dúil aige nó aici sna leabhair. Mhaoinigh an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail an aip seo mar chuid den chlár Éire Shláintiúil ag do Leabharlann. Soláthraítear Éire Shláintiúil ag do Leabharlann trí chreatlach náisiúnta arna bhainistiú ag Libraries Development, an Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil (LGMA) agus údaráis áitiúla agus is iad an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail (DRCD) agus an Roinn Sláinte a thacaigh leis. Tríd an chreatlach cuirtear seirbhísí caighdeánaithe agus timpeallachtaí tacúla i bhfeidhm go leanúnach do dhaoine aonair agus do phobail chun sláinte agus folláine mhuintir na hÉireann, idir óg agus aosta, a fheabhsú.

Má bhíonn cuidiú de dhíth leis an aip, téigh i dteagmháil le do leabharlann áitiúil, ina mbeidh an fhoireann sásta cuidiú leat. Tá uaireanta oscailte na leabharlann ar fáil anois.