Baile » Photo Slider » Cruinniú na nÓg

 

Cadba mhaith leat a dhéanamh, a fheiceáil, nó a thriail don lá Cruinniú na nÓg 2024?

 

Tá lá cruthaitheachta saor in aisce Cruinniú na nÓg ar siúl Dé Sathairn 15 Meitheamh, 2024 agus tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag iarraidh ar leanaí agus ar dhaoine óga Dhún na nGall cuidiú linn na himeachtaí a tharlaíonn go háitiúil do Chruinniú na nÓg a chur le chéile don bhliain seo.

Ar theastaigh uait rud éigin cruthaitheach a thriail am ar bith? An bhfuil dúil as cuimhse agat ann rud éigin agus ag iarraidh é a iniúchadh ar bhealach cruthaitheach? Tuismitheoirí, an bhfuil rud éigin cruthaitheach ar mhaith leat do leanbh nó do thachrán triail a bhaint as? Ba mhaith linn smaointe a chloisteáil ó dhuine ar bith atá 0-18 mbliana d'aois ar fud Dhún na nGall.

Is éard atá i gceist le Cruinniú na nÓg ná 'bailiú daoine óga' agus is tionscnamh an -tarraingteach é de chuid Chlár Éire Ildánach i gcomhpháirtíocht le hÚdaráis Áitiúla. Is í Éire an t -aon tír ar domhan a bhfuil lá náisiúnta de chruthaitheacht saor in aisce aici do leanaí agus do dhaoine óga. Is é foireann chultúir agus cruthaitheachta Chomhairle Contae Dhún na nGall a dhéanann an tionscnamh a stiúradh go háitiúil, le cuidiú ó baill de Chomhairle Óige Dhún na nGall.

Spreagtar leanaí agus daoine óga a gcuid moltaí a chur ar aghaidh trí chuairt a thabhairt ar a leabharlann áitiúil, Iarsmalann Contae Dhún na nGall nó an tIonad Cultúrtha Réigiúnach Leitir Ceanainn,  nó a gcuid moltaí a thabhairt ar líne.

Ag labhairt di ar son na foirne, míníonn Karen Sheehy Leabharlannaí Feidhmiúcháin Sinsearach Gríomhacha thuilleadh,

“Táimid ag lorg ionchuir ó pháistí agus ó dhaoine óga ó gach cúlra a bhfuil cónaí orthu i nDún na nGall. Ba mhaith linn a fháil amach cad ba mhaith leat a dhéanamh, a fheiceáil, nó a thriail ar an lá. Déanfaimid ár ndícheall ansin roinnt de do chuid moltaí a chur i gcrích do Chruinniú na nÓg.”.

Má tá tú fhéin, nó má tá aithne agat ar dhuine óg faoi 18 mbliana d'aois, iarr orthu a gcuid moltaí a chur isteach. Tá sé go h-uile agus go hiomlán gan ainm agus cuideoidh sé linn lá cruthaitheach bríomhar a chur le chéile do dhaoine óga ar fud an chontae.

Níl le déanamh agat ach do chuid smaointe a chur isteach ag www.wainfest.ie nó sin buail isteach chuig do leabharlann áitiúil, Iarsmalann Chontae Dhún na nGall nó an tIonad Cultúrtha Réigiúnach, Leitir Ceanainn.  Tugtar cuireadh do thuismitheoirí agus caomhnóirí leanaí níos óige moltaí a thabhairt ar a son.

I bhfocail Roald Dahl, ‘Áit éigin taobh istigh duinn go léir tá an chumhacht chun an domhan a athrú’  – Matilda.